Tá sé mar aidhm ag Comhpháirtíocht Spóirt Uíbh Fhailí méadú marthanach a bhaint amach i leibhéil rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí fisiciúla, spóirt agus maireachtáil go gníomhach i gContae Uíbh Fhailí. Tá an scéim deontais forbartha club seo deartha chun tacú le: -
cláir áitiúla chun ballraíocht club a mhéadú nó a choinneáil
tionscnaimh atá deartha chun rannpháirtíocht grúpaí a bhfuil tearcionadaíocht acu sa spórt a mhéadú
trealamh oiliúna neamhphearsanta a cheannach chun tacú le cláir um fhilleadh ar chláir spóirt arís agus / nó rannóga nua a bhunú laistigh de chlubanna nó eagraíochtaí spóirt atá ann cheana féin
tacú le clubanna nua maidir le costais tionscnaimh tosaigh (m.sh. cleamhnacht, árachas, trealamh, ionad ar cíos, srl.)
pleanáil mheántéarmach agus fhadtéarmach an chlub
Offaly Sports Partnership aims to achieve sustained increases in participation levels in physical activity, sport and active living in County Offaly. This club development grant scheme is designed to support: -
local programmes to increase or sustain club membership
initiatives designed to increase the participation of underrepresented groups in sport
the purchase of non-personal training equipment to support return to sport programmes and / or the establishment of new sections within existing clubs / sporting organisation
new clubs with initial start-up costs (e.g. affiliation, insurance, equipment, venue hire, etc.)
mid to long term club planning
Eligibility
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh? / Who is eligible to apply?
Le bheith incháilithe le cur isteach ar an maoiniú seo, ba cheart do chlubanna / eagraíochtaí spóirt:-
a bheith bunaithe in Uíbh Fhailí
a bheith: -
cleamhnaithe le nó a bheith i mbun cleamhnaithe le Comhlacht Náisiúnta Rialaithe Spóirt atá aitheanta ag Spórt Éireann; nó
a bheith ina n-eagras phobail áitiúil a bhfuil feidhm acu maidir le soláthar spóirt agus / nó cláir ghníomhaíochta coirp ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne (cé gur féidir le heagraíochtaí pobail iarratas a dhéanamh faoin scéim seo, gheobhaidh comhlachtaí cleamhnaithe leis na Comhlachtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt ualú níos treise nuair a dhéantar measúnú ar an iarratas
doiciméid rialachais iomchuí (bunreacht, meabhrán agus airteagail chomhlachais nó a leithéid) a bheith i bhfeidhm acu
oibriú ar bhonn neamhbhrabúis; agus a bheith oscailte do bhallraíocht an phobail
polasaithe, cleachtais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm a spreagann rannpháirtíocht gan aird ar chumas, aois, stádas teaghlaigh nó pósta, inscne, cúlra eitneach, claonadh gnéasach nó ballraíocht den Lucht Siúil
árachas cuí a bheith i bhfeidhm acu le gur féidir a ngníomhaíochtaí go léir a chur ar fáil
cloí le treoirlínte dea-chleachtais i réimse leanaí sa spórt. I measc na dtreoirlínte dea-chleachtais tá: -
go mbeadh ráiteas um chumhdach leanaí curtha i bhfeidhm
oifigeach leasa club agus duine ainmnithe idirchaidrimh a bheith ceaptha
go ndéanann an Garda Síochána Grinnfhiosrúchán ar chóitseálaithe / oibrithe deonacha a oibríonn le foirne agus le daoine aonair faoi aois
a chinntiú go bhfuil oiliúint um Chosaint 1 (cosaint leanaí) faighte ag cóitseálaithe agus oibrithe deonacha a oibríonn le daoine aonair / foirne faoi aois
To be eligible to apply for this funding, clubs / sporting organisations should: -
be based in Offaly
be either: -
an affiliate of or be in the process of affiliating to a National Governing Body of Sport recognised by Sport Ireland; or
a local community organisation whose function includes the delivery of sport and / or physical activity programmes for the benefit of the wider community (while community organisations can apply under this scheme, affiliates of National Governing Bodies of Sport will receive a stronger weighting when application are assessed)
have appropriate governance documentation (constitution, memorandum and articles of association or similar) in place
operate on a not for profit basis; and be open for public membership
have policies, practices and procedures in place that encourage participation regardless of ability, age, family / marital status, gender, ethnic background, sexual orientation or membership of the Traveller community
have appropriate insurance in place to allow for the delivery of all their activities
adhere to best practice guidelines in the area of children in sport. Best practice guidelines include: -
having a child safeguarding statement in situ
having a club welfare officer and designated liaison person in situ
Garda vetting of coaches / volunteers that work with underage teams and individuals
ensuring that coaches and volunteers who work with underage individuals / teams have undergone Safeguarding 1 (child protection) training
Cé nach bhfuil incháilithe chun iarratas a dhéanamh? / Who is ineligible to apply?
daoine aonair / individuals
eagraíochtaí rialaithe náisiúnta, réigiúnacha nó contae / national, regional or county governing structures
gníomhaireachtaí reachtúla / statutory agencies
grúpaí brabúis, eagraíochtaí tráchtála nó úinéirí saoráidí príobháideacha / for profit groups, commercial organistaions or private facility owners