Who is eligible to apply? / Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Any not-for-profit community or voluntary group can apply.
Commercial organisations and individuals are not eligible for funding.
Is féidir le grúpa pobail nó le grúpa deonach neamhbhrabúsach iarratas a dhéanamh.
Níl eagraíochtaí tráchtála ná daoine aonair tráchtála incháilithe do mhaoiniú.
What projects are eligible for funding?
The following provides a non-exhaustive list of projects that could receive funding under the programme:
- Development/renovation of community centres
- Once off maintenance of premises
- Community amenities
- Development of youth clubs or facilities
- Development of sports/recreation facilities
- Improvements to town parks and common areas and spaces
- CCTV equipment
- Public realm improvements
- Streetscaping
- Development of play/recreation spaces
- Energy efficiency type projects
- Purchase of equipment
- Adaptations or equipment needed as a result of COVID-19
Separately, for this iteration of the CEP grants are available for costs associated with reopening of a facility or the sustainability of the facility. These include costs such as utility bills, etc. To ensure appropriate monitoring and governance, the Department is stating that only costs falling due for payment in 2021 are eligible.
This funding is targeted towards enhancing community facilities for individuals and communities that are impacted by disadvantage as identified in the LECP.
What is not eligible for funding?
The following expenditure is not eligible for funding:
- Any project not in keeping with the ethos of the Programme
- Employment costs
- Legal fees
- Project management fees
- Purchase of lands or buildings
- Feasibility studies
- Private or commercial operations
Cé na tionscadail atá incháilithe do mhaoiniú?
Cuirtear liosta nach bhfuil uileghabhálach ar fáil sa mhéid seo a leanas de thionscadail a d’fhéadfadh maoiniú a fháil faoin gclár:
- Forbairt/athchóiriú ionaid pobail
- Cothabháil aon uaire áitribh
- Conláistí pobail
- Clubanna nó áiseanna óige a fhorbairt
- Áiseanna spóirt/áineasa a fhorbairt
- Feabhsúcháin ar pháirceanna baile agus ar chomhlimistéir agus spásanna
- Trealamh CCTV
- Feabhsúcháin ar an réimse poiblí
- Sráid-dréachtú
- Spásanna súgartha/áineasa a fhorbairt
- Tionscadail de chineál éifeachtúlachta fuinnimh
- Ceannach trealaimh
- Oiriúnuithe nó trealamh a theastaíonn de bharr COVID-19
Ar leithligh, tá an deontas CEP seo ar fáil le haghaidh costas a bhaineann le athoscailt saoráide nó inbhuanaitheacht na saoráide. Ina measc seo tá costais amhail billí fóntais, srl. Chun monatóireacht agus rialachas iomchuí a chinntiú, tá an Roinn ag rá nach bhfuil ach costais a bheidh dlite le híoc in 2021 incháilithe.
Tá an maoiniú seo dírithe ar shaoráidí pobail a fheabhsú do dhaoine aonair agus do phobail a dtéann míbhuntáiste i bhfeidhm orthu mar a shainaithnítear san LECP.
Cad nach bhfuil incháilithe do mhaoiniú?
Níl an caiteachas seo a leanas incháilithe do mhaoiniú:
- Tionscadal ar bith nach luíonn le héiteas an Chláir
- Costais fostaíochta
- Táillí dlí
- Táillí bainistíochta tionscadail
- Tailte nó foirgnimh a cheannach
- Staidéir féidearthachta
- Oibríochtaí príobháideacha nó tráchtála
Guidelines/Teoirlínte:
Requirements of the Programme / Riachtanais an Chláir
The following conditions apply to all projects. Depending on the nature of your project (and the group applying), there may be further requirements that must be met. The LCDC/LA will discuss this with you, if your application is successful.
Tax Requirements
- The applicant group/organisation does not have to be registered for tax purposes.
- Any applicant group/organisation that is registered for tax purposes must be tax compliant. In line with revised tax clearance procedures, which came into effect in January 2016, the Tax Clearance Access Number and Tax Reference number must be submitted for verification purposes.
Statutory Consents
Applicants must ensure that all necessary statutory permissions or consents have been obtained before any works commence. This includes but is not confined to planning permission.
Insurance
Written evidence of a valid insurance policy may be requested by the LCDC, where relevant, during the applications review process.
Acknowledgment of funding
Due to the value of some of these grants, it would not be cost-effective to require signage acknowledging the Department, Local Authority or LCDC. Other suitable acknowledgements will suffice e.g. on a group/organisation’s website or social media platforms. Where signage is developed it should acknowledge the contribution of the Department.
Match-funding
This is not a requirement under this programme.
Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le gach tionscadal. Ag brath ar chineál do thionscadail (agus an grúpa atá ag déanamh iarratais), d’fhéadfadh go mbeadh tuilleadh riachtanas ann nach mór a chomhlíonadh. Pléifidh an LCDC/ÚÁ é seo leat, má éiríonn le d’iarratas.
Ceanglais Chánach
- Ní gá go mbeadh an grúpa/eagraíocht iarratasóra cláraithe chun críocha cánach.
- Caithfidh aon ghrúpa/eagraíocht iarratasóra atá cláraithe chun críocha cánach a bheith comhlíontach ó thaobh cánach de. De réir nósanna imeachta imréitigh cánach leasaithe, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2016, caithfear an Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach agus an Uimhir Thagartha Cánach a chur ar aghaidh chun críocha fíoraithe.
Toiliú Reachtúil
Ní mór d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuarthas gach cead nó toiliú reachtúil is gá sula gcuirtear tús le haon oibreacha. Áirítear leis seo cead pleanála ach níl sé ag brath air.
Árachas
Féadfaidh an LCDC fianaise i scríbhinn ar pholasaí árachais bailí a iarraidh, más ábhartha, le linn an phróisis athbhreithnithe iarratais.
Admháil maidir le maoiniú
Mar gheall ar luach cuid de na deontais seo, ní bheadh sé éifeachtach ó thaobh costais comharthaíocht maidir le aitheantas a thabhairt don Roinn, don tÚdarás Áitiúil nó don LCDC a éileamh. Is leor aitheantais oiriúnacha eile m.sh. ar shuíomh idirlín grúpa/eagraíochta nó ardáin meán sóisialta. Nuair a fhorbraítear comharthaíocht ba cheart go dtabharfadh sí aitheantas do rannchuidiú na Roinne.
Maoiniú meaitseála
Níl sé seo riachtanach faoin gclár seo.
Selection Criteria / Critéir Roghnaithe
Applications will be evaluated by the LCDC to ensure eligibility and that they are targeted at addressing disadvantage as identified in its LECP. Projects must be in keeping with the ethos of the programme, which is to provide funding to communities across Ireland to enhance facilities in disadvantaged areas.
Projects may also be judged having regard to how they:
- Assist organisations with reopening their facilities
- Increase participant or visitor or audience numbers, and improve and extend access to facilities within the catchment area
- Invest to increase or extend the use of the facility, for example, to voluntary and community groups
- Reduce the annual running cost of a facility
- Have a positive impact on the environment, for example, a reduction in energy consumption
- Demonstrate collaboration with the local authority or other relevant bodies in the catchment area
- Support the creation of a sense of place within the community including through the enhancement of the built environment
- Address health and safety issues; and/or,
- Invest in technology which will be accessed by individuals and communities that are impacted by disadvantage .
Projects may also be judged having regard to additional criteria deemed appropriate by the LCDC which demonstrate the added value of the project or element of a project in suitably addressing the programme's aims in each Local Authority administrative area.
Déanfaidh an LCDC iarratais a mheas chun incháilitheacht a chinntiú agus go bhfuil siad dírithe ar aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste mar a shainaithnítear san LECP. Caithfidh tionscadail a bheith ag teacht le héiteas an chláir, is é sin maoiniú a sholáthar do phobail ar fud na hÉireann chun saoráidí i gceantair faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú.
D'fhéadfaí tionscadail a mheas freisin agus aird á thabhairt ar an gcaoi:
- A chuidíonn siad le heagraíochtaí a gcuid áiseanna a athoscailt
- A mhéadaítear líon na rannpháirtithe nó na gcuairteoirí nó an lucht féachana, agus rochtain ar áiseanna laistigh den dobharcheantar a fheabhsú agus a leathnú
- A ndéantar infheistíocht chun úsáid na saoráide a mhéadú nó a leathnú, mar shampla, chuig grúpaí deonacha agus pobail
- A laghdaítear costas reatha bliantúil saoráide
- A mbíonn tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol, mar shampla, laghdú ar ídiú fuinnimh
- A dtaispeántar comhoibriú leis an údarás áitiúil nó le comhlachtaí ábhartha eile sa dobharcheantar
- A dtacaítear le hómós áite a chruthú sa phobal lena n-áirítear tríd an timpeallacht thógtha a fheabhsú
- A dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna sláinte agus sábháilteachta; agus/nó,
- A infheistítear sa teicneolaíocht a mbeidh rochtain orthu ag daoine aonair agus pobail a dtéann míbhuntáiste i bhfeidhm orthu
D’fhéadfaí tionscadail a mheas freisin agus aird á thabhairt ar chritéar breise a mheasfaidh an LCDC a bheith cuí agus a léiríonn luach breise an tionscadail nó gné den tionscadal ó thaobh aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar aidhmeanna an chláir i ngach ceantair riaracháin de chuid an Údaráis Áitiúil.
Corporate Governance / Rialachas Corparáideach
Monitoring
Grantees will be required to comply with the highest standard of transparency and accountability as documented in Department of Public Expenditure and Reform Circular 13/2014 - Management of and Accountability for Grants from Exchequer Funds
http://circulars.gov.ie/pdf/circular/per/2014/13.pdf. The overall principle is that there should be transparency and accountability in the management of public funds, in line with economy, efficiency and effectiveness. The circular outlines, for example, that grant recipients should not dispose of publically funded assets without prior approval.
The Code of Governance for Community and Voluntary organisations
The Department is encouraging funded bodies to adopt the Governance Code, a Code of Practice for Good Governance of Community, Voluntary and Charitable Organisations, which will assist in achieving excellence in all areas of your work. The Governance Code asks organisations to agree to operate to key principles in order to run their organisation more effectively in areas such as leadership, transparency and accountability and behaving with integrity. Further information on the Code is available at
www.governancecode.ie
Monatóireacht
Ceanglófar ar dheontaithe cloí leis an gcaighdeán is airde trédhearcachta agus cuntasachta mar atá doiciméadaithe i gCiorclán 13/2014 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Bainistíocht agus Cuntasacht ar Dheontais ó Chistí Státchiste
http://circulars.gov.ie/pdf/circular/per/2014/13.pdf. Is é an prionsabal foriomlán gur cheart go mbeadh trédhearcacht agus cuntasacht i mbainistíocht cistí poiblí, ar aon dul leis an ngeilleagar, le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht. Tugtar breac-chuntas sa chiorclán, mar shampla, nár chóir do lucht faighte deontais fáil réidh le sócmhainní a bhí maoinithe trí airgead poiblí gan cead a bheith faighte roimh ré.
An Cód Rialachais d’eagraíochtaí Pobail agus Deonacha
Spreagann an Roinn comhlachtaí a fuair maoiniú ó thaobh glacadh leis an gCód Rialachais, Cód Cleachtais do Dhea-Rialachas Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Carthanais a chuideoidh leat an méid is fearr is féidir a bhaint amach i ngach réimse den obair. Iarrtar sa Chód Rialachais ar eagraíochtaí comhaontú a thabhairt go bhfeidhmeofar i leith prionsabail phríomha ar mhaithe lena n-eagraíocht a reáchtáil ar bhealach níos éifeachtúla i réimsí ar nós ceannaireacht, trédhearcacht agus cuntasacht agus iad féin a iompar le hionracas. Tá tuilleadh faisnéise le fáil maidir leis an gCód ag
www.governancecode.ie .
Approval Procedures / Nósanna Imeachta maidir le Ceadú
All applications for funding under this programme received by each LCDC will be reviewed and assessed to ensure consistency with the relevant Local Economic and Community Plan (LECP).
In deciding the final allocations of funding to projects, the LCDC may take account of a number of factors including geographical balance and the desirability to fund a variety of different projects and the relative disadvantage of the area where the facility is located (or will serve). This may include cross-referencing the location of the facility (or the area it serves) with the Pobal Hasse deprivation index which is available on www.pobal.ie.
Following the decision each approved project, subject to the completion of legal formalities and other requirements, will receive an offer in principle of grant-aid. This will be subject to compliance with the relevant conditions and subject to the satisfactory acceptance by the applicant of that offer.
The right is reserved to reassign the funds offered to another approved project if all requirements are not met within a reasonable period.
The Department and/or the Local Authority reserve the right to carry out an audit of expenditure or conduct inspections from time to time.
Please Note:
Requests for assistance usually exceed the funds available and it is important therefore that the process of evaluation is rigorous. The purpose of this process is to ensure that the best projects, taking all factors into account, emerge and receive support. It is Departmental policy to ensure that every application is treated fairly and impartially.
Offers of funding may be for a lesser amount than that sought by the applicant. Applicants should be aware that the Programme may be oversubscribed. Therefore, in such circumstances, all applications fulfilling the conditions may not be successful or may be for a lesser amount.
The LCDC in evaluating proposals received may seek advice and consult with other agencies, and may disclose information on projects under consideration to those experts and agencies.
Déanfar na hiarratais go léir ar mhaoiniú faoin gclár seo a fhaigheann gach LCDC a athbhreithniú agus a mheas ar mhaithe le comhsheasmhacht leis an bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) ábhartha.
D’fhéadfadh sé go dtógfadh an LCDC san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an leithdháileadh deiridh den mhaoiniú do thionscadal, líon fachtóirí, lena n-áirítear, cothroime geografach agus inmhianaitheacht maoiniú a dhéanamh ar thionscadail dhifriúla agus míbhuntáiste gaolmhar an cheantair ina bhfuil an tsaoráid lonnaithe á bhreithniú (nó a mbeidh an tsaoráid ag freastal air). D’fhéadfadh sé go n-áireodh sé sin crostagairt a dhéanamh ar shuíomh na saoráide (nó an ceantar ar a bhfreastalaíonn an tsaoráid) le hinnéacs díobhála PobalHasse atá le fáil ag www.pobal.ie.
Nuair a bheidh cinneadh déanta, gheobhaidh gach tionscadal atá ceadaithe, faoi réir ag foirmiúlacht dlí agus ceanglais eile a thabhairt chun críche, tairiscint ar chuidiú deontais i bprionsabal. Beidh sé sin faoi réir ag na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh agus faoi réir ag an iarratasóir glacadh go sásúil leis an tairiscint sin.
Coimeádtar an ceart ar chosaint maoiniú a bhí tairgthe do thionscadal eile a bhí ceadaithe a leithdháileadh arís mura bhfreastalaítear ar na ceanglais go léir laistigh de thréimhse réasúnach.
Tá an ceart ar chosaint ag an Roinn agus/nó ag an Údarás Áitiúil tabhairt faoi iniúchadh ar chaiteachas nó cigireacht a dhéanamh ó am go ham.
Tabhair do d’aire:
De ghnáth sáraíonn na héilimh ar chúnamh an maoiniú a bhíonn ar fáil agus tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeidh an próiseas meastóireachta dian. Is é atá mar chuspóir leis an bpróiseas seo a chinntiú go dtagann na tionscadail is fearr chun cinn, agus na fachtóirí go léir á dtógáil san áireamh agus go dtugtar tacaíocht dóibh. Is é beartas na Roinne a chinntiú go gcaitear le gach iarratas go cothrom agus go neamhchlaonta.
D’fhéadfadh sé go mbeadh na tairiscintí ar mhaoiniú níos lú ná an tsuim a bhí á lorg ag an iarratasóir. Ba chóir d’iarratasóirí a bheith ar an eolas go bhféadfadh go leor eagraíochtaí a bheith ag déanamh iarratais ar an gClár. Dá bhrí sin, in imthosca den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis na hiarratais go léir a chomhlíonann na coinníollacha nó d’fhéadfadh sé gur suim níos lú ná an tsuim a bhí á lorg a bheadh i gceist.
Agus an LCDC i mbun meastóireachta ar na tograí atá faighte, d’fhéadfadh siad comhairle a lorg agus dul i gcomhairle le gníomhaireachtaí eile, agus d’fhéadfadh siad faisnéis a nochtadh leis na saineolaithe agus leis na gníomhaireachtaí seo maidir le tograí atá faoi bhreithniú.
General / Ginearálta
The information provided in this document is intended to give applicants an understanding of the process by which applications for funding are assessed and approved and does not purport to be a legal interpretation.
Freedom of Information Act 2014
Under the Freedom of Information Act 2014, details contained in applications and supporting documents may, on request, be released to third parties. If there is information contained in your application which is sensitive or confidential in nature, please identify it and provide an explanation as to why it should not be disclosed. If a request to release sensitive information under the legislation is received, you will be consulted before a decision is made whether or not to release the information. However, in the absence of the identification of particular information as sensitive, it could be disclosed without any consultation with you.
Site Visits
The Department, Local Authority or LCDC may carry out unannounced site visits to verify compliance with Programme terms and conditions.
Further information may be requested
The LCDC reserves the right to request further information from you in order to assess your application if so required.
Usage of information
The information provided on the form will be utilised for the purposes of evaluating and administering the grant process, and to facilities audits and any site visits. When evaluating the applications received the LCDC may seek advice and consult with other agencies, and may disclose information on projects under consideration to those experts and agencies.
Other
- Under the programme it is intended that 30% of the funding that is allocated to each Local Authority area will be ring-fenced for grants of €1,000 or less.
- For grants towards equipment or the upgrade of facilities, applicant groups shall self-certify that they do not have the funding to undertake the work, without the grant aid, or alternatively that with the grant they will now undertake a larger project which they otherwise would not be able to afford.
- If the funding application is for one element of a project, applicants will be required to provide documentary evidence of the availability of the balance of funding for that particular element of that project.
- There is no limit on the number of applications for different projects from any organisation. However, applicants should be aware that an equity/fairness approach will be taken by the LCDC to ensure an even distribution of funding.
- The Programme is 100% exchequer funded. Applicants are free to leverage other funding/match funding for projects (e.g. with LEADER, Tidy Towns, Town and Village Enhancement funding, etc.) although that is not a requirement of this new programme.
- It is the responsibility of the administrators of/body responsible for any other funding scheme or programme to ensure that using this Programme to co-fund a project does not contradict the rules of that other scheme/programme.
- VAT will only be paid where it is included in the application amount. No further requests for VAT payments or repayments will be accepted.
Tá sé i gceist leis an fhaisnéis atá curtha ar fáil sa doiciméad seo, tuiscint a thabhairt do na hiarratasóirí ar an bpróiseas lena ndéantar measúnú ar iarratais ar mhaoiniú agus lena gceadaítear na hiarratais agus níl léirmhíniú dlíthiúil i gceist leis.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014
D’fhéadfaí, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, mionsonraí atá sna hiarratais agus sna doiciméid tacaíochta, arna n-iarraidh, a scaoileadh le tríú páirtithe. Sa chás faisnéis a bheith i d’iarratas atá goilliúnach nó rúnda, déan an fhaisnéis sin a aithint agus tabhair míniú maidir leis an gcúis nár chóir an fhaisnéis sin a nochtadh. Má fhaightear iarratas faoin reachtaíocht ar fhaisnéis atá goilliúnach a scaoileadh, rachfar i gcomhairle leat roimh chinneadh a dhéanamh cíbe a scaoilfear an fhaisnéis sin nó nach scaoilfear. In easnamh faisnéis áirithe a aithint mar fhaisnéis atá goilliúnach, d’fhéadfaí an fhaisnéis sin a scaoileadh gan dul i gcomhairle leat.
Cuairteanna láithreán
D’fhéadfadh sé go dtabharfadh an Roinn, an tÚdarás Áitiúil nó an LCDC faoi chuairteanna láithreán ar mhaithe le comhlíonadh théarmaí agus coinníollacha an Chláir a fhíorú gan aon fhógra a thabhairt roimh ré.
D’fhéadfadh sé go n-éileofaí faisnéis bhreise
Tá an ceart ar chosaint ag an LCDC tuilleadh faisnéise a éileamh uait más gá ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar d’iarratas.
Úsáid faisnéise
Bainfear úsáid as an fhaisnéis atá curtha ar fáil san fhoirm chun críocha an phróisis deontais a mheas agus a riar, agus le héascú a dhéanamh ar aon chuairteanna láithreáin. Agus an LCDC i mbun meastóireachta ar na hiarratais atá faighte, d’fhéadfadh an LCDC comhairle a lorg agus dul i gcomhairle le gníomhaireachtaí eile agus d’fhéadfadh an LCDC faisnéis a nochtadh leis na saineolaithe agus leis na gníomhaireachtaí seo maidir le tograí atá faoi bhreithniú.
Eile
- Tá sé beartaithe faoin gclár go ndéanfar 30% den mhaoiniú a leithdháiltear ar gach ceantar Údaráis Áitiúil a chur ar leataobh le haghaidh deontas de €1,000 nó níos lú.
- Maidir le deontais le haghaidh trealaimh nó uasghrádú saoráidí, déanfaidh grúpaí iarratasóirí féin-dheimhniú nach bhfuil an maoiniú acu chun an obair a dhéanamh, gan an cúnamh deontais, nó mar mhalairt air sin, leis an deontas, tabharfaidh siad faoi thionscadal níos mó, nach mbeidís in ann a íoc murach an deontas.
- Má tá an t-iarratas ar mhaoiniú le haghaidh gné amháin de thionscadal, ceanglófar ar iarratasóirí fianaise dhoiciméadach a sholáthar go bhfuil iarmhéid an mhaoinithe ar fáil don ghné áirithe sin den tionscadal sin.
- Níl aon teorainn ar líon na n-iarratas ar thionscadail éagsúla ó eagraíochtaí. Mar sin féin, ba chóir go mbeadh a fhios ag iarratasóirí go nglacfaidh an LCDC cur chuige cothromais/cothroime chun dáileadh cothrom maoinithe a chinntiú.
- Tá an Státchiste ag déanamh maoiniú 100% ar an gclár. Is féidir le hiarratasóirí maoiniú eile/maoiniú meaitseáilte a ghiaráil do thionscadail (m.sh le LEADER, na Bailte Slachtmhara, maoiniú i ndáil le Feabhas a chur ar Bhailte agus ar Shráidbhailte, srl.) cé nach ceanglas atá anseo faoin gclár nua seo.
- Tá sé mar fhreagracht ar riarthóirí/chomhlacht atá freagrach as aon scéim nó clár maoinithe eile a chinntiú nach dtagann úsáid an Chláir seo, chun tionscadal a chómhaoiniú, salach ar rialacha na scéime/an chláir eile sin.
- Ní íocfar CBL ach sa chás go bhfuil sé san áireamh i méid an iarratais. Ní ghlacfar le hiarrataí breise ar íocaíochtaí CBL nó aisíocaíochtaí.
How to Apply / Conas Iarratas a Dhéanamh
Application Form
The application form is detailed and is designed to ensure that it has the necessary information to evaluate each proposal accurately and fairly. Please ensure that you complete the 2021 application form in full and that any documentation in support of your application is submitted with your application.
Only projects that meet the criteria outlined above will be considered eligible.
PLEASE NOTE THAT INCOMPLETE APPLICATIONS OR LATE APPLICATIONS WILL NOT BE CONSIDERED.
Submission of false or misleading information at any stage is treated very seriously. Any organisation that does not comply with the terms and conditions of the Programme may be subject to inspection, have their grant withdrawn, be required to repay all or part of a grant and/or be barred from making applications for a period of time. All serious breaches of the terms and conditions of the Programme will be notified to An Garda Síochána.
Foirm Iarratais
Tá an fhoirm iarratais mionsonraithe agus tá leagtha amach chun a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ann chun gach togra a mheas go cruinn agus go cothrom. Cinntigh le do thoil go gcomhlánaíonn tú foirm iarratais na bliana 2021 ina iomláine agus go gcuirtear aon doiciméid a thacaíonn le d’iarratas isteach le d’iarratas.
Ní mheasfar ach tionscadail, a chomhlíonann na critéir a bhfuil cuntas orthu thuas, a bheith incháilithe.
TABHAIR DO D’AIRE NACH MBREITHNEOFAR IARRATAIS ATÁ DEIREANACH NÁ IARRATAIS NACH BHFUIL COMHLÁNAITHE GO HIOMLÁN.
Caitear ar bhealach tromchúiseach le faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a chuirtear ar aghaidh ag céim ar bith den phróiseas iarratais. D’fhéadfadh aon eagraíocht nach gcomhlíonann téarmaí agus coinníollacha an Chláir a bheith faoi réir iniúchta, a ndeontas a tharraingt siar, a cheangal orthu deontas iomlán nó cuid de a aisíoc agus/nó a bheith faoi urchosc iarratais a dhéanamh ar feadh tréimhse ama. Cuirfear aon sáruithe tromchúiseacha ar théarmaí agus ar choinníollacha an Chláir in iúl don Gharda Síochána.